Memorial Carnival – gle

Intergalactic Memorial Carnival for DAVID GRAEBER

Fáilte roimh chách go céiliúradh idir-réaltrach in ómós do David Graeber ar an 11 Deireadh Fómhair 2020.

Is cuireadh roimh chách é seo, ina iarrtar ar dhaoine ar fud an domhain teacht le chéile agus cóisir féastach a bheith acu in ómós don bhfear é féin, David Graeber, a chailleadh go tobann agus gan choinne é. Is óna bhean chéile, Nika, agus cúpla cara leis a thagann an cuireadh seo.

Bheadh David an-mhícompordach faoi haithisc fada a bheith á thabhairt ag grúpa beag dá chairde, agus éide bróin á gcaitheamh acu. Ba dhuine é a chaith a shaol ar fad thar ceann na réabhlóide, agus ar theastaigh uaidh an tsaol a iompú bunoscionn; níor theastaigh clú nó cáil uaidh. Ar ndóigh, bheadh sé ar a mhíchompord ag sochraid bhrónach, dírithe ar féin agus ar an t-am atá thart, agus ní chuirfeadh a leithéid beocht ann ar chor ar bith. Agus David imithe uainn anois, agus bearna ollmhór fágtha ina dhiaidh aige, is léir nach raibh am níos fearr riamh ann maireachtáil a dhéanamh de réir a chuid smaointí, seachas cuimhniú a dhéanamh orthu. Cheap David nach féiniúlacht a bhí sa hainrialachas, ach “rud a dhéantar”. In ainm an spioraid réadúil diabhalta sin, shocraigh muid ar charnabhal cuimneacháin a óstáil do David, carnbhabal bunaithe ar an t-am atá le teacht; todhcaí rúndiamhrach aerach, ina mhairfidh daoine go hiomlán ar scáth a chéile.
Is leitmóitíf an charnabhail í gáire a dhéanamh in aghaidh an bháis. Tá sé ar cheann de na rudaí is phraiticiúla ar féidir linn déanamh agus drochscéal tagtha orainn. Mar is eol dúinn, thaitin go mór le David bheith ag magadh agus ag gáire. Ar ndóigh, scéal grinn a bhí sna focail deireanacha aige. Ar nós cat a bhí David; bhí níos mó ná saol amháin aige. Nuair a bhuail daoine leis, trí Twitter nó fíu trí bheith ag freastal ar léamh nó óráid leis, ba mhinic a d’éirigh siad mór leis, agus d’fhan siad mar dhlúthchairde, mar theaghlach sínte, agus mar idirghabhálaithe leis. Thug sé an-chuid daoine le chéile. Áitritheoirí Bhóthair Portobello, blagálaithe aonair, ollúna ollscoile, imircigh gan pháipéir, cúpla glúin de gníomhaithe, ealaíontóirí, ceoltóirí, agus go leor daoine óga – mic léinn, reibiliúnaigh, baill gluaiseachta shóisialta ina measc. Bhraith gach ceann acu go raibh David páirteach ina saol féin, agus teastaíonn uathu leanacht leis an obair a chruthaigh sé, agus fanacht ar an mbealach leis.
Is amhail is a bhí 50,000 deartháir agus deirfiúr aige, agus 200,000 dlúthchara, agus is mar gheall ar sin a chuirfidh carnabhal cuimhneacháin David spás ar fáil do gach éinne, i ngach áit, inar féidir leo dlúthchairdeachas a mhothú leis.

Cailleadh san Veinéis é, cathair ba mhinic a thug sé cuairt uirthi. B’aoibhinn le David é féin a ghléasadh suas pé deis a bhfaigheadh sé. Thug sé maisc agus feistis ar ais leis ón Veinéis tar éis gach cuairt a thug sé uirthi. Sular aistríodh ina cheap turasóirí é, ba spás polaitiúil, lán de dhaonlathas é Carnabhal na Veinéise. Le linn an charnabhail, ní raibh daoine dubha nó daoine bána ann, ní raibh seandaoine nó daoine óga ann, ní raibh trácht ar áilleacht nó ar ghráinneacht, agus ní thuigtear cé acu a bhain bochtaineacht nó saibhreas leo. Bhí masc á chaitheamh ag cách.

As ucht dó a bheith an-pháirteach i ngluaiseachtaí frithchaipitlíochta na 90idí agus na 00idí, bhí saineolas aige ar na cosúlachtaí dochoiscthe a bhí ann idir charnabhail a bheith ar siúl agus éirí amach. 9 mbliana ó shin díreach inniu, ar 17 Méan Fómhair, tugadh freagra ar chuireadh, agus rugadh gluaiseacht. Ní dúirt an cuireadh ach ‘Occupy Wall Street – beir leat puball’. Bhí David ar cheann de na mílte agus na mílte duine a thug faoi eagrú agus lonnú mar fhreagra ar an gcuireadh sin, agus tá a fhios ag an saol cad a tharla ina dhiaidh sin. Cuirimid cuireadh ort inniu carnabhal cuimhneacháin a eagrú in ómós do David pé áit ina bhfuil tú Dé Domhnaigh, 11 Deireadh Fómhair.

Ag leanúint prionsabal ‘open mic’ na gluaiseachta Occupy, iarramar ort spás a chruthú le linn do charnabhail ina mbeidh deis ag gach éinne labhairt amach agus smaointí a roinnt lena chéile. Is féidir ionspioráid a thógáil sna tionóil seo ó saol agus saothar David, agus an chaoi inar féidir linn a leithéid a léiriú amach anseo, i dtodhchaí atá tús léi anois – “mairigh mar a bheadh tú saor cheana féin” a déarfadh David.

Más sa bhaile i d’aonair atá tú agus gan fonn ort ach sliocht is fearr leat dá shaothar a léamh, nó más comharghrúpa gníomhaí sibh ar mhaith libh dul i gceannas ar na sráid le comhthionól ollmhór; más grúpa scoláire i seomra seimineáir sibh, nó más trodaithe ar an líne thosaigh sibh; fiú más in áitreabh suiteora, campa agóide, nó músaem thú; nó mas ar thuras allamuigh antraipeolaíoch thú, is féidir le haon duine in aon áit ar bith carnabhal a óstáil. Níl ann ach riail amháin simplí, áfach: ‘Beir leat masc’ (masc féasta ar ndóigh, in áit masc COVID).

Tá neart imeachtaí eagraithe cheana féin, agus is i bPáirc Zuccotti Nua Eabhrac, san Rojava, sa ZAD, sa Chóiré, san Ostair, i mBeirlín, agus i Londain a bheidh siad ar siúl. Má tá tú ag smaoineamh ar imeacht a chur ar siúl, seol chugainn ríomhphost ionas gur féidir linn é a roinnt le héinne ar mhaith leo bheith páirteach ann. Beidh fís-sruthú na carnabhail á dhéanamh ar líne againn, agus beidh sonraí dá leithéid ar fáil go luath, mar aon le comhordú criosanna ama.

rphost: carnival4david@riseup.net

Ag caoineadh agus ag eagrú,

Nika agus cairde.